5. An tan do thóg Iósa a shúile suás, agus do chunnairc sé go dtáinic buidhean mhór chuige, a dubhairt sé ré Philib, Ga háit as a gceinneochamáois arán, do chum go níosaidís so ní?
6. (Achd a dubhairt sé so da theasdtughadhsan: oír do bhí a fhios aige féin créd do dhéunadh sé.)
7. Do fhreagair Philib dhó, Ní lór dhóibh luách dhá chéud phighinn daránuibh, do chum go nglacfadh gach áon aca beagán.
8. A dubhairt áon dá dheisciobluibh, Aindrías, dearbhrathair Shíomoin Peadair ris,
9. Atá búachuill beag áirighe an so agá bhfuilid cúig aráin eórna, agus dá iásg bheaga: achd créud iád sin eidir an uiread so?
10. Agus a dubhairt Iósa, Tábhruidh fá deara do na dáoinibh suidhe síos. Agus do bhí mórán féir ann sa náitsin. Do shuidheadar na dáoine siós, a nuimhir timcheall chúig míle.