Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 6:38-55 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

38. Oír do thuirrling mé ó neamh, ní do chum go ndéanainn mo thoil féin, achd toil an té do chuir uádh mé.

39. Agus as í so toil a Nathar do chuir uáidh mé, nach léigfinn éinní amúgha do nuile ní dá dtug sé dhamh, achd go ndúisgfinn é ann sa lá deigheanach.

40. Agus as í so toil an té do chuir misi uádh, go bhfuighe gach áorr do chí an Mac, agus chreideas ann, an bheatha mharrthanach: agus dúiseóchuidh misi é an lá déigheanach.

41. Ar a nadhbharsin do rinneadar na Iúdaidhe monbhar air, tré go ndubhairt sé, As misi an tarán do thuirrling ó neamh.

42. Agus a dubhradar, An né nach é so Iósa, mac Ióseph, agar ab aithnid dúinne a athair agus a mháthair? ar a nadhbharsin cionnus a déir sé, Do thuirrling mé ó neamh?

43. Ar a nadhbharsin do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riú, Ná déunaidh monbhar eadruibh féin.

44. Ní héidir lé neach ar bith teachd chugamsa, muna dtairrnge an Tathair do chuir uádh mé, é: agus dúiséochuidh misi é ann sa lá deigheanach.

45. Atá sgríobhtha ann sna fáidhibh, Agus béid said uile ar na dteagasg ó Dhía. Ar a nadhbharsin gidh bé neach chluineas, agus fhoghlumas ó Nathair, tig sé chugamsa.

46. Ní hé go bhfacuidh eínneach an Tathair, achd an té atá ó Dhía, ag so an té do chunnairc an Tathair.

47. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té chreideas ionnumsa atá an bheatha mharrthanach aige.

48. As misi arán na beatha.

49. Ditheadar bhur naithreachsa manna ar an bhfásach, agus fúaradar bás.

50. Ag so an tarán do thuirling ó neamh, ionnus gidh bé itheas de, nach bhfuigheadh sé bás.

51. Is misi an tarán béo do thuirrling ó neamh: gidh bé iósas don arán so, mairfidh sé go bráth: agus an tarán do bhéura misi úaim as é mféoil féin é, do bhéura mé ar son bheatha an domháin.

52. Ar a nadhbharsin do bhí na Iudaidhe ag tagra ré chéile, ag rádh, Cionnas as éidir leis an bhfearso a fhéoil do thabhairt dúinn ré na ithé?

53. Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa riú, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Muna nithí féoil Mhic an duine, agus muná nibhthí a fhuil, ní bhfuil beatha aguibh íonnuíbh féin.

54. An té itheas mféoilsi, agus ibheas mfuil, atá an bheatha mharrthanach aige: agus dúiseóchaidh misi é ann sa lá deigheanach.

55. Oír as bíadh go fírinneach mféoilsi, agus as deoch go fírinneach mfuil.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 6