8. Ar a nadhbharsin an tan do chúalaidh Píoláid an glórsa, bá mhóide a eagla é;
9. Agus do chuáidh sé do chúirt a rís, agus a dubhairt sé ré Híosa, Gá has duitsi? Achd ní thug Iósa freagra air.
10. Uime sin a dubhairt Pioláid ris, An ne nach ttugann tú freagra oramsa? nach bhfuil a fhios agad go bhfuil cumhachda agamsa do chrochadh, agus go bhfuil cumhachda agam do sgaóileadh?
11. Do fhreaguir Iósa, Ní bhíadh cumhachda ar bith agad oramsa, muna dtugtháoi dhuit ó neamh é: ar a nadhbharsin as móide peacadh an té do thoirbhir misi dhuit.
12. Uadh sin súas bá mían lé Píoláid a sgaóileadh: achd do thógbhadar na Híudaidhe gáir, ag rádh, Ma léigeann tú an fearso as, ní cara do Shéasar thú: gidh bé ní rí dhé féin labhruidh sé a naghaidh Shéasair.
13. Ar a nadhbharsín an tan do chúaluidh Píoláid na briathrasa, tug sé Iósa amach, agus do shuidh sé sa chathaóir bhreitheamhnuis sa náit dárab ainm Litostrótos, agus a Neabhrais, Gabbáta.
14. Agus do bé ullmhughadh ná cásg é, agus a dtimcheall an seiseadh huáir: agus a dubhairt seisean ris na Iúdaidhibh, Féuchuidh bhur Rí!
15. Achd do éighmheadarsan, Beir uáinn é, beir uáinn é, croch é. A dubhairt Pioláid ríu, An ccrochfa misi bhur Ríghsé? Do fhreagradar na hárdsagairt, Ní bhfuil rí aguinn achd Séasar.
16. Ar a nadhbharsin tug sé dhóibh é ann sin chum a chrochda.Agus do ghlacadarsan Iósa, agus rugadar léo é.
17. Agus ag iomchar a chroiche dhó do chúaidh sé amach don áit dá ngoirthear ait na cloigne, dárab ainm a Neabhrais Golgota:
18. Aít ar chrochadar é, agus dias eile maille ris, duine ar gach táobh dhe, agus Iósa a lár.
19. Agus do sgríobh Píoláidh fós tiodal, agus do chuir sé ós cionn na croiche é. Agus as é do bhí sgríobhtha ann, IOSA NASARDHA RI NA NIUDAIDHEADH.
20. Uime sin do léughadar mórán do na Iúduidhibh an tiodal so: do bhrígh go raibh a nait ann ar crochadh Iósa go gar dom chathruigh: agus do bhí sé sgríobhtha a Neabhrais, a Ngréigis, agus a Laidim.
21. Ar a nadhbharsin a dubhradar árdsaguir na Níudaidheadh ré Pioláid, Ná sgríobh, Rí na Níudúidheadh ré Pioláid, Ná sgríobh, Rí na Níuduidheadh; achd go ndubhairt sé féin, As misi Rí na Níuduidheadh.