Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 19:12-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. Uadh sin súas bá mían lé Píoláid a sgaóileadh: achd do thógbhadar na Híudaidhe gáir, ag rádh, Ma léigeann tú an fearso as, ní cara do Shéasar thú: gidh bé ní rí dhé féin labhruidh sé a naghaidh Shéasair.

13. Ar a nadhbharsín an tan do chúaluidh Píoláid na briathrasa, tug sé Iósa amach, agus do shuidh sé sa chathaóir bhreitheamhnuis sa náit dárab ainm Litostrótos, agus a Neabhrais, Gabbáta.

14. Agus do bé ullmhughadh ná cásg é, agus a dtimcheall an seiseadh huáir: agus a dubhairt seisean ris na Iúdaidhibh, Féuchuidh bhur Rí!

15. Achd do éighmheadarsan, Beir uáinn é, beir uáinn é, croch é. A dubhairt Pioláid ríu, An ccrochfa misi bhur Ríghsé? Do fhreagradar na hárdsagairt, Ní bhfuil rí aguinn achd Séasar.

16. Ar a nadhbharsin tug sé dhóibh é ann sin chum a chrochda.Agus do ghlacadarsan Iósa, agus rugadar léo é.

17. Agus ag iomchar a chroiche dhó do chúaidh sé amach don áit dá ngoirthear ait na cloigne, dárab ainm a Neabhrais Golgota:

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 19