Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 19:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Do ghlac Pioláid Iósa ann sin, agus do ghabh sé do sgíursaidhibh air.

2. Agus ar bhfighe coróine spine do na saighdiúribh, do chuireadar ar a cheann í, agus do chuireadar brat purpair uime,

3. Agus a dubhradar, Slainte dhuit, a Rí na Níudaidheadh! Agus do ghabhadar do bhasaibh air.

4. Ann sin do chúaidh Píoláid amach a rís, agus a dubhairt sé ríu, Féuch, atáim dhá thabhair so amach chugaibh, ionnus go mbíadh a fhios aguibh nach bhfaghaim cúis ar bith air.

5. Uime sin thainig Iósa amach, agus coróine spíne air, agus an brat purpair uime. Agus a dubhairt Píoláid ríu, Féuch an duine!

6. Ar a nadhbharsin an tan do chunncadar na hárdsagair agus a muinntir é, do thógbhadar gáir, ag rádh, Croch é, croch é. A dubhairt Píoláid ríu, Glacuidh féin, agus crochuidh é: óir ní fhaghaimsi cúis air.

7. Do fhreagradar na Iúduidhe é, Atá dligheadh aguinne, agus do réir ar ndlighidh as coir dhó bás dfagháil ar son go ndearna sé Mac Dé dhe féin.

8. Ar a nadhbharsin an tan do chúalaidh Píoláid an glórsa, bá mhóide a eagla é;

9. Agus do chuáidh sé do chúirt a rís, agus a dubhairt sé ré Híosa, Gá has duitsi? Achd ní thug Iósa freagra air.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 19