1. Do ghlac Pioláid Iósa ann sin, agus do ghabh sé do sgíursaidhibh air.
2. Agus ar bhfighe coróine spine do na saighdiúribh, do chuireadar ar a cheann í, agus do chuireadar brat purpair uime,
3. Agus a dubhradar, Slainte dhuit, a Rí na Níudaidheadh! Agus do ghabhadar do bhasaibh air.
4. Ann sin do chúaidh Píoláid amach a rís, agus a dubhairt sé ríu, Féuch, atáim dhá thabhair so amach chugaibh, ionnus go mbíadh a fhios aguibh nach bhfaghaim cúis ar bith air.
5. Uime sin thainig Iósa amach, agus coróine spíne air, agus an brat purpair uime. Agus a dubhairt Píoláid ríu, Féuch an duine!