33. Ar a nadhbharsin do imthigh Pioláid a rís do chúirt, agus do ghoir sé Iósa, agus a dubhairt sé ris, An tusa Rí na Níudaidheadh?
34. Do fhreaguir Iósa é, An uáit féin a deir tú sin, nó nar inneasadar dáoine eile dhuit é am thimcheallsa?
35. Do fhreaguir Pioláid, An don chineadh Iúdaidhe misi? Do chineadh féin agus na hárdsagairt tug chugamsa thú; créd do rinne tú?
36. Do fhreaguir Iósa, Ní don tsáoghalsa mo ríoghachdsa: dá madh don tsáoghalsa mo ríoghachd, gan chunntabhairt do dhéanaidís mo mhuinntir cathughadh, ionnus nach dtiobhartháoi do na Iúduidhibh mé: achd a nois ní as so mo rioghachdsa.
37. Ar a nadhbharsin a dubhairt Pioláid ris, Má seadh an rí thú? Do fhreaguir Iósa, A deir tusa gur rí mé. Is chuige so rugadh mé, agus is chuige tháinig mé ar a tsáoghal, ionnus go ndéanuinn fínné don fhírinne. Gach uile dhuine atá ar tháobh na fírinne éisdidh sé mo ghuthsa.
38. A dubhairt Píoláid ris, Cidh is firinne ann?Agus aga rádh so, do chúaidh se amach a rís chum na Níudaidheadh, agus a dubhairt sé ríu, Ní fhaghuimsi cúis ar bith air.
39. Achd atá gnáth aguibhsi, go sgáoilfinn dúine éigin dáoibh fá cháisg: ar a nadhbharsin an áill libh go sgáoilinn chugaibh Rí na Níudaidheadh?
40. Ann sin do thógbhadarsan uil gáir a rís, ag rádh, Ní hé so, achd Barabbás. Agus do badh biothamhnach an Barabbás so.