22. Agus an tan dubhairt sé na neithesi, dó bhuáil óglach do na máoruibh do bhí na sheasamh a láthair bas ar Iósa, ag rádh, An mar sin fhreagrus tú an tárdsagart?
23. Do fhreaguir Iósa é, más olc a dubhairt mé, déanna fínne a dtáoibh an uilc: achd más maith, créd fá mbuáileann tú mé?
24. Ar a nadhbharsin do chuir Annas ceanguilte chum Caipháis a nárdsagairt é.
25. Agus do bhí Siomón Peadar na sheasamh agus dá ghoradh féin. Uime sin a dubhradarsan ris, Nach dá dheisciobluibh súd thusa leis? Do shéan seisean, agus a dubhairt sé, Ní headh.
26. A dubhairt fear do mhuinntir a nárdshaguirt, brathair don té dár ghéarr Peadar a chlúas, Nach bhfacaidh mé féin thú ann sa gharrdha na fhochuir?
27. Ann sin do shéan Peadar a rís: agus ar an mball do ghoir an coileach.
28. Ná dhiáigh sin beirid siad Iósa léo ó Chaiphás go tigh na cúirte: agus do bhí mhaidin ann; agus ní dheachadar géin do chúirt a sdeach, ionnus nach dtruáillfidhe íad; achd go níosfaidís úan na cásg.
29. Ar a nadhbharsin do chúaidh Pioláid a mach chucasan, agus a dubhairt sé, Créd í an chúis chuirthi ar a nduinesi?
30. Do fhreagradarsan agus a dubhradar ris, Muna mbiadh sé na fhear déanta uilc, ní thiobhramáoisne chugadsa é.
31. Ann sin a dubhairt Pioláid ríu, Beiridh féin libh é, agus beiridh breath na aghaidh do réir bhur ndlighe féin. Uime sin a dubhradar na Iúduidhe ris, Ní dleisdeanach dhúinne áonduine mharbhadh:
32. Ionnus go gcoimhlíonfuidhe an bhríathar, a dubhairt Iósa, ag taisbéunadh créd í an ghné bháis do gheabhadh sé.
33. Ar a nadhbharsin do imthigh Pioláid a rís do chúirt, agus do ghoir sé Iósa, agus a dubhairt sé ris, An tusa Rí na Níudaidheadh?
34. Do fhreaguir Iósa é, An uáit féin a deir tú sin, nó nar inneasadar dáoine eile dhuit é am thimcheallsa?
35. Do fhreaguir Pioláid, An don chineadh Iúdaidhe misi? Do chineadh féin agus na hárdsagairt tug chugamsa thú; créd do rinne tú?
36. Do fhreaguir Iósa, Ní don tsáoghalsa mo ríoghachdsa: dá madh don tsáoghalsa mo ríoghachd, gan chunntabhairt do dhéanaidís mo mhuinntir cathughadh, ionnus nach dtiobhartháoi do na Iúduidhibh mé: achd a nois ní as so mo rioghachdsa.
37. Ar a nadhbharsin a dubhairt Pioláid ris, Má seadh an rí thú? Do fhreaguir Iósa, A deir tusa gur rí mé. Is chuige so rugadh mé, agus is chuige tháinig mé ar a tsáoghal, ionnus go ndéanuinn fínné don fhírinne. Gach uile dhuine atá ar tháobh na fírinne éisdidh sé mo ghuthsa.