19. Ann sin do chuir an tárdsagurt ceisd ar Iósa a dtáobh a dheisciobail, agus a theaguisg.
20. Do fhreaguir Iósa é, Do labhair misi ós áird ris a tsáoghal; do theagaisg mé do ghnátg ann sa tsínagóig, agus ann sa teampoll, mar a gcruinnighid na Iúdaighe uile a gceann a chéile; agus níor labhair mé éinní a bhfolach.
21. Créud fa bhfiafruigheann tú dhíomsa? fiafruigh don mhuinntir do chúaluidh mé, créd a dubhairt mé ríu: féuch, atá a fhíos aca so créd a dubhairt mé.
22. Agus an tan dubhairt sé na neithesi, dó bhuáil óglach do na máoruibh do bhí na sheasamh a láthair bas ar Iósa, ag rádh, An mar sin fhreagrus tú an tárdsagart?
23. Do fhreaguir Iósa é, más olc a dubhairt mé, déanna fínne a dtáoibh an uilc: achd más maith, créd fá mbuáileann tú mé?
24. Ar a nadhbharsin do chuir Annas ceanguilte chum Caipháis a nárdsagairt é.
25. Agus do bhí Siomón Peadar na sheasamh agus dá ghoradh féin. Uime sin a dubhradarsan ris, Nach dá dheisciobluibh súd thusa leis? Do shéan seisean, agus a dubhairt sé, Ní headh.
26. A dubhairt fear do mhuinntir a nárdshaguirt, brathair don té dár ghéarr Peadar a chlúas, Nach bhfacaidh mé féin thú ann sa gharrdha na fhochuir?
27. Ann sin do shéan Peadar a rís: agus ar an mball do ghoir an coileach.
28. Ná dhiáigh sin beirid siad Iósa léo ó Chaiphás go tigh na cúirte: agus do bhí mhaidin ann; agus ní dheachadar géin do chúirt a sdeach, ionnus nach dtruáillfidhe íad; achd go níosfaidís úan na cásg.
29. Ar a nadhbharsin do chúaidh Pioláid a mach chucasan, agus a dubhairt sé, Créd í an chúis chuirthi ar a nduinesi?
30. Do fhreagradarsan agus a dubhradar ris, Muna mbiadh sé na fhear déanta uilc, ní thiobhramáoisne chugadsa é.