Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 18:14-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Agus do bé Caiphas an té, thug comhairle do na Iúdaidhibh, gur tharbhach éunduine amháin dfagháil bháis ar son an phobail.

15. Agus do lean Siomón Peadar, agus deisciobal eile Iósa: agus dob aithnidh don árdshagurt an deisciobal sin, ar a nadhbharsin do chúaidh sé a steach lé Híosa go cúirt an árdshaguirt.

16. Achd do sheas Peadar ag an dorus leith a muigh. Ar a nadhbharsin do chuáidh an deisciobail eile sin, noch dobh aithnidh don árdshagart, agus do labhair sé ris an mbandoirrseóir, agus tug se Peadar a steach.

17. Ann sin a dubhairt an bhandoirrseóir ré Peadar, Nach do dheisciobluibh an fhirsi thusa leis? A dubhairt seision, Ní headh.

18. Agus do bhádar na searbhfhoghantuidhe agus na hoifigidh na seasamh ag an dteinigh, óir do bhí an ainmsír fúar, agus do bhádar dá ngoradh féin: Agus do sheas Peadar mar an gcéudna, da ghoradh na measg.

19. Ann sin do chuir an tárdsagurt ceisd ar Iósa a dtáobh a dheisciobail, agus a theaguisg.

20. Do fhreaguir Iósa é, Do labhair misi ós áird ris a tsáoghal; do theagaisg mé do ghnátg ann sa tsínagóig, agus ann sa teampoll, mar a gcruinnighid na Iúdaighe uile a gceann a chéile; agus níor labhair mé éinní a bhfolach.

21. Créud fa bhfiafruigheann tú dhíomsa? fiafruigh don mhuinntir do chúaluidh mé, créd a dubhairt mé ríu: féuch, atá a fhíos aca so créd a dubhairt mé.

22. Agus an tan dubhairt sé na neithesi, dó bhuáil óglach do na máoruibh do bhí na sheasamh a láthair bas ar Iósa, ag rádh, An mar sin fhreagrus tú an tárdsagart?

23. Do fhreaguir Iósa é, más olc a dubhairt mé, déanna fínne a dtáoibh an uilc: achd más maith, créd fá mbuáileann tú mé?

24. Ar a nadhbharsin do chuir Annas ceanguilte chum Caipháis a nárdsagairt é.

25. Agus do bhí Siomón Peadar na sheasamh agus dá ghoradh féin. Uime sin a dubhradarsan ris, Nach dá dheisciobluibh súd thusa leis? Do shéan seisean, agus a dubhairt sé, Ní headh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 18