Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 17:7-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. A nois daithnigheadar gur ab uáidsi atáid na huile neithe, dhá dtug tu dhamhsa.

8. Oír tug misi dhóibh na bríathra thug tusa dhamh; agus do ghabhadar chuca íad, agus daithnigheadar go deimhin gur ab uátsi tháinig misi, agus do chreideadar gur tusa chuir uáit mé.

9. Ar a son atáimsi ag guidhe: ní ar son an tsáoghail do ním guidhe, achd ar son na muinntire thug tusa dhamh; óir is leachdsa íad.

10. Agus as leachdsa na huile neithe is leamsa, agus as leamsa na neithe as leachdsa; agus atáim ar mo ghlórughadh iontasan.

11. Agus ní bhfuilim feasda sa tsáoghal gidheadh atáid so sa tsáoghal, agus atáimsi ag teachd chugadsa. A Athair Náomhtha, coimhéid ann thainm féin an mhuinntir thug tú dhamhsa, ionnus go mbeidís na náon, mar atámáoidne.

12. An feadh do bhí misi na bhfarradh sa tsáoghal, do choimhéd mé íad ad ainmsi: do choimhéd mé an mhuinntir thug tusa dhamh, agus ní dheachuidh áonduine aca a mugha, achd mac na mallachd; ionnus go gcoimhlíonfuidhe an sgríobtúir.

13. Achd atáim a nois ag teachd chugadsa, agus labhraim na neithesi ar a tsáoghal, ionnus go mbíadh mo gháirdeachas iomlán ionntasan.

14. Tug misi do bhríátharsa dhóibh; agus don tsáoghal íad, mar nach bhfuilimsi don tsáoghal.

15. Ní íarruim go mbéurfa íad as an tsáoghal, achd go gcoimhédfá íad air olc.

16. Ní don tsáoghal íad, mar nach don tsáoghal misi.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 17