3. Agus as sí so an beatha mharrthanach, go naithneóchaid síad thusa an táoin Día fírinneach, agus Iósa Críosd, do chuir tú úait,
4. Tug misi glóir dhuitsi ar a talamh: do chríochnuigh mé an obair thug tú dhamh té a dhéanamh.
5. Agus tabhairsi a Athair, a nois, glóir dhamhsa ad fhochair féin maille ris an nglóir do bhí agam ad fhochair suil do cruthuigheadh an sáoghal.
6. Dfoillsigh mé thainm do na dáoinibh thug tú dhamh as a tsáoghal: ba leachdsa íad, agus thug tú dhamhsa íad; agus do choimhéadadar do bhriathar.
7. A nois daithnigheadar gur ab uáidsi atáid na huile neithe, dhá dtug tu dhamhsa.
8. Oír tug misi dhóibh na bríathra thug tusa dhamh; agus do ghabhadar chuca íad, agus daithnigheadar go deimhin gur ab uátsi tháinig misi, agus do chreideadar gur tusa chuir uáit mé.
9. Ar a son atáimsi ag guidhe: ní ar son an tsáoghail do ním guidhe, achd ar son na muinntire thug tusa dhamh; óir is leachdsa íad.
10. Agus as leachdsa na huile neithe is leamsa, agus as leamsa na neithe as leachdsa; agus atáim ar mo ghlórughadh iontasan.
11. Agus ní bhfuilim feasda sa tsáoghal gidheadh atáid so sa tsáoghal, agus atáimsi ag teachd chugadsa. A Athair Náomhtha, coimhéid ann thainm féin an mhuinntir thug tú dhamhsa, ionnus go mbeidís na náon, mar atámáoidne.