23. Misi ionntasan, agus tusa ionnamsa, ionnus go mbeidís go hiomlán na náon; agus ionnus go mbíadh a fhios ag an tsáoghal gur tusa do chuir uáit mé, agus gur ghrádhuigh tú íadsan, mar do ghrádhuigh tú misi.
24. A Athair, is áill leam, an dream úd thug tú dhamh, do bheith am fhochair mar a bhfuilim; ionnus go bhfaicfidís mo ghlóir, noch thug tusa dhamh: óir do ghrádhuigh tú mé suil do chrúthuigheadh an domhan.
25. A Athair chomhthruim, níor aithin an sáoghal thusa, achd daithin misi thú, agus daithnigheadar so gur tusa do chuir uáit mé.
26. Agus dfoillsigh mé thainmsi dhóibh, agus foillséochaidh mé é: ionnus an grádh lér ghrádhuigh tú misi go mbíadh sé ionntasan, agus misi ionnta.