15. Ní íarruim go mbéurfa íad as an tsáoghal, achd go gcoimhédfá íad air olc.
16. Ní don tsáoghal íad, mar nach don tsáoghal misi.
17. Náomhuigh íad léd fhírinne: as í do bhríatharsa an fhírinne.
18. Amhail as do chuir tusa misi chum a tsáoghail, is mar sin do chuir misi íadsan chum a tsáoghail.
19. Agus is ar a sonsan náomhaimsi mé féin, ionnus go mbéidísean mar an gcéadna ar na náomhadh sa bhfírinne.
20. Ní ar a sonsan amháin do ním guidhe, achd mar an gcéudna ar son na ndaóine chreidfios ionnam tre na mbreithirsean;
21. Ionnus go mbéidis uile náon; mar atá tusa, a Athair, ionnamsa, agus misi ionnadsa, ionnus go mbéidision mar an gcéadna na náon ionnuinne: ionnus go gcreidfeadh an sáoghal gur tusa do chuir uáit mé.