Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 11:40-53 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

40. A dubhairt Iósa ría, Nach dubhairt mé riot, má chreideann tú, go bhfaicfe tú glóir Dé?

41. Uime sin do thógbhadar an chloch don áit a raibh an duine marbh curtha. Agus do thóg Iósa a shúile súas, agus a dubhairt sé, A Athair, do bheirim buidheachus duit do bhrígh gur éisd tú rium.

42. Agus atá a dheimhin agam go gcluin tú mé do ghnáth: achd ar son an phobail atá na seasamh am thimcheall a dubhairt mé so, ionnus go gcreidfidís gur tusa chuir uáit mé.

43. Agus tar éis so do rádh dhó, a dubhairt sé do ghuth ard, A Lásaruís, tárr amach.

44. Agus tháinig an duine marbh amach, agus a lámha agus a chosa ceanguilte ris an bháiséadach: agus a aghaidh ceanguilte ré naipcin. A dubhairt Iósa ríu, sgáoilídh é, agus leigidh dhó imtheachd.

45. Uime sin mórán do na Iúduighibh tháinig chum Muire, mar do chuncadar na neither do rinne Iósa, do chreideadar ann.

46. Agus do imthigheadar cuid aca chum na Bpairisíneach, agus dinniseadar dhóibh na neithe do rinne Iósa.

47. Ar a nadhbharsin do chruinnigheadar uáchdaráin na sagart agus na Phairisínigh comhairle, agus a dubhradar, Créd do dhéanam? óir as iomdha míorbhuile do ní an fear so.

48. Má fhuilngemíd é mar só, creidfidh na huile dháoine ann; agus tiocfaid na Rómhánuigh agus sgriosfuid síad ar náit agus ar gcineadh.

49. Ann sin fear áirighe dhíobhsan, Cáiphas, ar mbeith dhó na árdshagart an bhlíadhnuinsin, a dubhairt sé ríu, Ní thuigthísi ní ar bith,

50. Agus ní smuáintighthí gur ab oireamhnach, go bhfuigheadh áonduine amháin bás ar son an phobuil, agus gan an cineadh uile do sgrios.

51. Gidheadh ní úadh féín a dubhairt sé so: achd ar mbeith dhó na árdsagart an bhlíadhuinsin, do thairrghir sé go bhfuigheadh Iósa bás ar son an chinidh;

52. Agus ní ar son an chinidhsin amhain, achd fós do chum go gcruinneochadh sé a cceann a chéile clan Dé do bhí ar na leathnughadh.

53. Uime sin ón lá sin amach do bhádar ag comhairliughadh ré chéile eisean do mharbhadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 11