30. (Oír ní tháinig Iósa fá namsin don bhaile, achd do bhí sé ann sá náit ann a dtárla Martá dho.
31. Uime sin na Iúdaidhe de bhí a bhfochair Mhuire a stigh, dá comhfhurtachd, an tan do chunncadar, ag éirghe go tapuidh í agus ag dul amach, do leanadar í, ag rádh, Atá sí ag dul chum an túama do cháoineadh ann.
32. An tan tháinig Muire sa náit a raibh Iósa, agus do chunnairc sí é, do theilg si í féin fá na chosaibh, agus a dubhairt sí ris, A Thighearna, dá mbeithéasa ann so, ní bhfuígheadh mo dhearbhráthairsi bás.
33. Ar a nadhbharsin an tan do chunnairc Iósa ag gul í, agus na Iúdaidhe tháinig le ag gul mar an gceadna, do rinne sé osna ann a spioraid, agus do bhúaidhir sé é féin,
34. A dubhairt sé, Gá háit ar chuireabhair é? A dubhradar ris, a Thighearna, tárr, agus féuch.
35. Do ghuil Iósa.
36. Uime sin a dubhradar na Iúdaidhe, Féuch cionnus do ghrádhuigh sé é!
37. A dubhradar cuid díobh, A né nach bhféudfadh an fear so, dosgail súile an doill, a thabhairt fá deara mar an gcéadna, nach bhfuigheadh an fearso bás?
38. Uíme sin tháinig Iósa agus é a rís ag osnaidhe ann féin, chum an túama. Agus dob uáimh é, agus cloch ar na cur ós a chionn.
39. A dubhairt Iósa, Tóghuidh an chloch. A dubhairt Martá, derbhshíur an duine mhairbh, ris, A Thighearna, atá drochbhaladh a nois air: óir atá ceithre lá ó fúair sé bás.
40. A dubhairt Iósa ría, Nach dubhairt mé riot, má chreideann tú, go bhfaicfe tú glóir Dé?
41. Uime sin do thógbhadar an chloch don áit a raibh an duine marbh curtha. Agus do thóg Iósa a shúile súas, agus a dubhairt sé, A Athair, do bheirim buidheachus duit do bhrígh gur éisd tú rium.
42. Agus atá a dheimhin agam go gcluin tú mé do ghnáth: achd ar son an phobail atá na seasamh am thimcheall a dubhairt mé so, ionnus go gcreidfidís gur tusa chuir uáit mé.
43. Agus tar éis so do rádh dhó, a dubhairt sé do ghuth ard, A Lásaruís, tárr amach.
44. Agus tháinig an duine marbh amach, agus a lámha agus a chosa ceanguilte ris an bháiséadach: agus a aghaidh ceanguilte ré naipcin. A dubhairt Iósa ríu, sgáoilídh é, agus leigidh dhó imtheachd.
45. Uime sin mórán do na Iúduighibh tháinig chum Muire, mar do chuncadar na neither do rinne Iósa, do chreideadar ann.