Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 11:26-36 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

26. Agus gidh bé mhaireas agus chreideas ionnamsa ní bhfuighe sé bás go bráth. An gcreideann tú so?

27. A dubhairt sis iris, Aseadh, a Thighearna: do chréid mé gur tusa Críosd, Mac Dé, tháinic air an tsáoghalso.

28. Agus an tan a dubhairt sí so, dimthigh si, agus dó ghoir sí a deirbhshiúr Muire a nuáigneas, ag rádh, Tháinic an Maíghisdir, agus atá sé dod iarruidhsi.

29. An tan dó chúaluidh sisi sin, déirígh si go tapaidh, agus tháinig sí chuige.

30. (Oír ní tháinig Iósa fá namsin don bhaile, achd do bhí sé ann sá náit ann a dtárla Martá dho.

31. Uime sin na Iúdaidhe de bhí a bhfochair Mhuire a stigh, dá comhfhurtachd, an tan do chunncadar, ag éirghe go tapuidh í agus ag dul amach, do leanadar í, ag rádh, Atá sí ag dul chum an túama do cháoineadh ann.

32. An tan tháinig Muire sa náit a raibh Iósa, agus do chunnairc sí é, do theilg si í féin fá na chosaibh, agus a dubhairt sí ris, A Thighearna, dá mbeithéasa ann so, ní bhfuígheadh mo dhearbhráthairsi bás.

33. Ar a nadhbharsin an tan do chunnairc Iósa ag gul í, agus na Iúdaidhe tháinig le ag gul mar an gceadna, do rinne sé osna ann a spioraid, agus do bhúaidhir sé é féin,

34. A dubhairt sé, Gá háit ar chuireabhair é? A dubhradar ris, a Thighearna, tárr, agus féuch.

35. Do ghuil Iósa.

36. Uime sin a dubhradar na Iúdaidhe, Féuch cionnus do ghrádhuigh sé é!

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 11