Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 10:10-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Ní thig an gaduidhe, achd do ghoid, agus do mhárbhadh, agus do mhilleadh: tháinig misi ionnus go mbíádh beatha aca agus go mbíadh sí ní is fairsinge aca.

11. As misi an táodhaire maith: cuiridh an táodhaire maith a anam féin ar son na gcáorach.

12. Achd an túarsdaluigh, agus an té nach bhfuil na áodhaire, agus nach leis féin na cáoirigh, do chí sé an mactíre ag teachd, agus fáguidh sé na cáoirigh, agus teithidh sé: agus fuáduighe an mactíre na cáoirigh, agus scabuighe sé iád.

13. Achd teithidh an túarasdaluigh, ar son gur túarasdaluigh é, agus nach bhfuil suim aige ann sna cáorchuibh.

14. Is misi an táodhaire maith, agus aithnighim mo cháoirigh féin, agus aithnighid mo cháoirigh féin mé.

15. Mar aithnigheas an Tathair misi, agus aithnighimsi an Tathair: agus do bheirim manam ar son na gcáorach.

16. Agus atáid cáoirigh eile agam, nach don chróso: agus caithfidh mé iád sin leis do thabhairt leam, agus ésdfid siád mo ghúth; agus biáidh áonchró amháin, agus áonáodhaire amháin ann.

17. Ar a nadhbharso ghrádhuigheas Mathair misi, ar son go gcuirim manam úaim, do chum go nglacfuinn é arís.

18. Ní bheireann eúnduine úaim é, achd cuirim féin uáim féin é. Atá cúmhachda agam a chur uáim, agus atá cúmhachda agam a ghábháil chugam a rís. Fuáir mé an áithnesi ó Mathair.

19. Ar a nadhbharsin déirigh connspóid a rís eidir na Iúduidhíbh trés na bríathraibhse.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 10