Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 10:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé nach dtéid a sdeach thríd an dorus go cró na gcáorach, achd théid suás a dtáoibh eile, is gaduidhe é agus biothamhnach.

2. Achd gidh bé théid a sdeach air a dorus, as é áodhaire na gcáorach é.

3. Is dó so osglas an doirrseóir; agus éisdid na cáoirigh a ghuth: agus goiridh sé a cháoirigh réir a nanmann, agus tréoruighidh sé amach iád.

4. Agus an tan léigheas sé a cháoirigh féin amach, siobhluidh sé rómpa, agus leanuid na cáoirigh é: óir aithnighid siád a ghúth.

5. Agus ní leanfaid siád aódhaire coimthigheach, achd teithfid uádh: do bhrígh nach aithnid dóibh gúth na gcoimhthigheach.

6. Do labhair Iósa an chosamhláchd so riú: Gidheadh níor thuigeadarsan na bríathra á dubháirt sé riú.

7. A dubhairt Iósa riú arís, Go deimhín, deimhin, a deirim ribh, Gur misi dorus na gcáorach.

8. A dtáinig romham uile as gaduidhthe iád agus biothamhnuigh: achd níor éisdeadar na cáoirigh riú.

9. Is misi an dorus, gidh bé neach rachas a steach thríomsa, slaíneochthar é, agus rachuidh sé a steach agus amach, agus do ghéubha sé inbhear.

10. Ní thig an gaduidhe, achd do ghoid, agus do mhárbhadh, agus do mhilleadh: tháinig misi ionnus go mbíádh beatha aca agus go mbíadh sí ní is fairsinge aca.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 10