Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 1:6-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Do cuireadh duine ó Dhía, dár bhainm Eóin.

7. Taínic an té so mar fhiadhnuisi, do chum go ndéanadh sé fhiadhnuisi, do chum go ndéanadh sé fiadhnuisi don Tsolus, ionnus go gcreidfidís cách uile thríd.

8. Níor bhéiseam an Solus ud, achd do cuireadh é ionnus go ndéanadh sé fíadhnuisi don Tsolus ud.

9. Do bé so an Solus fírinneach, shoillsigheas gach uile dhuine dá dtig ar a tsáoghal.

10. Do bhí se air a tsáoghal, agus trídsean do rinneadh an sáoghal, achd níor aithin sáoghal é.

11. Dionnsuighe a choda féin tháinic sé, agus níor ghabhadar a dháoine féin chuca é.

12. Achd an mhéid do ghabh chuca é, tug sé cumhachda dhóibh bheith na gcloinn ag Día, eadhon don droing chreideas ann a ainmsean:

13. Nach bhfuil ar na ngeineamhain ó fhuil, ná ó thoil na colla, ná ó thoil fir achd ó Dhía.

14. Agus do rinneadh féoil don Bhreithir, agus do chomhnuigh sé eadruinne, (agus do chunncamar ghlóirsion, mar ghlóir éingheine Mhic an Athair,) lán do ghrásuibh agus dfírinne.

15. Do rinne Eóin fíadhnuisi dhó, agus do éigh sé, ag rádh, As é so an té air ar labhuir mé, An té thig am dhíaigh ata air na ardugha romham: oír ba táosga é ná misi.

16. Agus do ghabhamar uile chugainn as a lán san, agus grása ar son grás.

17. Oír do tugadh an reach tré Mhaoisi, achd tháinic grása agus fírinne tré Iósa Criosd.

18. Ni fhacaidh neach ar bith Día a riamh; an áoinghein Mhic, atá an uchd a Nathar, as é dfoillsigh é dhúinne.

19. Agus as í so fíadhnuisi Eoin, an tan do chuireadar na Iúdaighe ó Ierusalém sagairt agus Lebhítí do chum go bhfíafróchaidis dé, Cía thusa?

20. Agus dadaimh seision, agus niór shéun sé; dadaimh sé nar bhé féin Criosd.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 1