38. Agus ar bhfilleadh Díosa, agus ar ná bhfaicsinsean dhá léanmhuin féin, a dubhairt sé riú, Créud atá sibh íarraigh? Agus a dubhradarsan ris, Rabbi (sé sin ré rádh, ar na eidirmhíniughadh, A Mhaighisdir,) gá a ccomhnuigheann tú?
39. A dubhairt sé riú, Tigidh agus féuchaidh. Tangadar agus do chunncadar an tionad a gcomhnuigheadh seisean, agus dfanadar aige an lá sin: do bhí an úair sin timcheall a deich.
40. Agus do bé Aindrías, dearbhráthair Shiomoin Peadair, fear don dís do bhí ag eisdeachd ré Heóin, agus do lean eisean.
41. A sé so fúair a dhearbhrathair féin Siomón, agus a dubhairt sé ris, Fúaramar an Messias, as sé sin, ar na eidirmhiniughadh, an Críosd.
42. Agus rug sé chum Iósa é. Agus ar bhféuchain Díosa air, a dubhairt sé, As tusa Siomón mac Ióna: goirfidhear Céphas díot, dár ab ciall, Carraig.
43. Ar na mhárach bá mían lé Híosa dul don Ghalilé, agus fuáir sé Philib, agus a dubhairt sé ris, Lean misi.
44. Agus do budh as Betsaída Philib, cathair Aindrías agus Pheadair.
45. Fuáir Philib Natánael, agus a dubhairt sé ris, An té air ar sgríobh Máoisi ann sa reachd, agus na fáidhe, fúaramar é, Iósa ó Násarér, mac Ióseph.
46. Agus a dubhairt Natánael ris, An éidir ní maith air bith bheith ó Násarét? A dubhairt Philib ris, Tar agus féuch.
47. Do chunnairc Iosa Natánael ag teachd chuige, agus do labhair sé agus adir úime, Féuch an Tisraélach fírinneac ann nach bhfuil meabhuil!