33. Agus níor aithin misi é: achd an té do chuir mé do bhaisdeadh lé huisge, as é a dubhairt rium, Gidh bé ar a bhfaicfe tú an Spiorad ag tuirrling, agus ag comhnuighe, sé sin an té bhaisdeas leis an Spiórad Náomh.
34. Agus do chunnairc misi, agus do ním fíadhnuisi gur ab é so Mac Dé.
35. An lá na dhíaigh sin a rís do sheas Eóin, agus diás dá dheiscioblaibh;
36. Agus ar bhfaicsin Iósa ag siobhal. A dubhairt sé; Féuch Uan Dé!
37. Agus do chúaladar an dís deisciobal é ag labhairt, agus do leanadar Iósa.
38. Agus ar bhfilleadh Díosa, agus ar ná bhfaicsinsean dhá léanmhuin féin, a dubhairt sé riú, Créud atá sibh íarraigh? Agus a dubhradarsan ris, Rabbi (sé sin ré rádh, ar na eidirmhíniughadh, A Mhaighisdir,) gá a ccomhnuigheann tú?
39. A dubhairt sé riú, Tigidh agus féuchaidh. Tangadar agus do chunncadar an tionad a gcomhnuigheadh seisean, agus dfanadar aige an lá sin: do bhí an úair sin timcheall a deich.