23. A dubhairt seisean, Misi guth an té éighmheas ar an bhfásach, Dírghidh slighe an Tighearna, mar a dubhairt Esaías an faidh.
24. Agus an dream do cuireadh budh do na Phairisineachuibh iád.
25. Agus dfíafruigheadar dheasean, agus a dubhradar ris, Ar a nadhbharsin créd fá ndéunann tú baisdeadh, muna tú Críosd, nó Elías, nó an fáidh úd?
26. Do fhreagair Eóin dóibh, ag rádh, Baisdimsi lé huisge: achd atá na sheasamh an bhur lársa, an té nach aithne dhíbh.
27. A sé so, an té thig am dhíaighse do bhí romham, ag nach fhiú mé íallach a bhróg do sgáoileadh.
28. Do rinneadh na neithese a Mbetábara, ar a táobh thall do Iordán, an áit an ar bhaisd Eóin.
29. An lá na dhíaigh sin do chunnairc Eóin Iósa ag teachd chuige féin, agus a dubhairt sé, Féuch Uan Dé, thógbhas peacadh an domhain.
30. Ag so an té air ar labhair mé, Thig am dhiáighsi neach do bhi romhan: oír bá táosga é na misi.
31. Agus ní raibh aithne agumsa air: achd ionnus go mbíadh sé follus Disraél, as uime sin tháinic mísi ag baisdeadh lé huisge.