Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 1:13-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Nach bhfuil ar na ngeineamhain ó fhuil, ná ó thoil na colla, ná ó thoil fir achd ó Dhía.

14. Agus do rinneadh féoil don Bhreithir, agus do chomhnuigh sé eadruinne, (agus do chunncamar ghlóirsion, mar ghlóir éingheine Mhic an Athair,) lán do ghrásuibh agus dfírinne.

15. Do rinne Eóin fíadhnuisi dhó, agus do éigh sé, ag rádh, As é so an té air ar labhuir mé, An té thig am dhíaigh ata air na ardugha romham: oír ba táosga é ná misi.

16. Agus do ghabhamar uile chugainn as a lán san, agus grása ar son grás.

17. Oír do tugadh an reach tré Mhaoisi, achd tháinic grása agus fírinne tré Iósa Criosd.

18. Ni fhacaidh neach ar bith Día a riamh; an áoinghein Mhic, atá an uchd a Nathar, as é dfoillsigh é dhúinne.

19. Agus as í so fíadhnuisi Eoin, an tan do chuireadar na Iúdaighe ó Ierusalém sagairt agus Lebhítí do chum go bhfíafróchaidis dé, Cía thusa?

20. Agus dadaimh seision, agus niór shéun sé; dadaimh sé nar bhé féin Criosd.

21. Agus dfíafruigheadar dhe, Créd eile? An tú Elías? Agus a dubhairt seision, Ní mé. An faídh thú? Agus do fhréagair seision, Ní headh.

22. Ar a nadhbharsin a dubhradar ris, Cía thú, ionnus go dtiobhramáois freagra ar an muinntir do chuir úatha sinn. Créd a deir tú ad thimcheall féin?

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 1