Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Bhphilippiánach 3:4-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Bíodh gur féidir leamsa fós bheith muinighineach as an bhfeóil. Má shaóileann éinneach eile go bhféudann sé muinighin do chur sa bhfeóil, as mó ná sin fhéudaimsa:

5. Ar mbeith dhamh timchillghearrtha an tochdmhadh lá, do chineadh Isráel, do threibh Bhenjamin, am Eabhraidhe do na Heabhruighibh, am Fhairísineach, do réir an reachda;

6. Ré hiomad grádha, do rinne mé gérleanmhuin air a neagluid; do réir an cheirt atá sa réachd, do bhí mé neimhchiontach.

7. Achd na neithe do bhí na néudáil agam, do mheas mé gur dhioghbháil íad ar son Chríosd.

8. Agus fós go deimhin, measuim gur dioghbháil na huile neithe, ar son éolais ro oirdheirc Iósa Críosd mo Thighearna: agar léig mé dhíom na huile neithe ar a shon, agus measuim nach bhfuil ionnta achd aóileach, ionnus go ngnodhachuinn Críosd,

9. Agus go bhfuighthí annsan mé, gan bheith dom fhiréunntachd féin, thig ón reachd agám, achd a nfhiréuntachd thig tré chréideamh Chriosd, an fhíréuntachd atá ó Dhía tré chreideamh:

Léigh chaibidil críochnaithe Bhphilippiánach 3