Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Bhphilippiánach 3 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil III

Bíodh gur choimhed Pól an dlighe tar chách, nior tháobh sé ris; achd mheasadh na dhioghbhuil é, agus gach éinní eile arson Chríosd do tharbhughadh.

1. Tuilleadh eile, a dhearbhraithre, déunuidh gáirdeachas sa Dtíghearna. Go deimhin ní léisg leam na neither céudna do sgríobhadh chuguibh, agus as ní sabhálta dhíbhse é.

2. Coimhéuduigh sibh féin ar mhadruighibh, coimhéuduigh sibh féin ar dhrochluchd oibre, coimhéuduigh sibh féin ar an gcoimhghearradh.

3. Oír as sinne an timchillghearradh, noch do ní seirbhís do Dhía a sbíoruid, agus do ní gáirdeachas a Níosa Críosd, agus nach ccuireann ar muinighin sa bhfeóil.

4. Bíodh gur féidir leamsa fós bheith muinighineach as an bhfeóil. Má shaóileann éinneach eile go bhféudann sé muinighin do chur sa bhfeóil, as mó ná sin fhéudaimsa:

5. Ar mbeith dhamh timchillghearrtha an tochdmhadh lá, do chineadh Isráel, do threibh Bhenjamin, am Eabhraidhe do na Heabhruighibh, am Fhairísineach, do réir an reachda;

6. Ré hiomad grádha, do rinne mé gérleanmhuin air a neagluid; do réir an cheirt atá sa réachd, do bhí mé neimhchiontach.

7. Achd na neithe do bhí na néudáil agam, do mheas mé gur dhioghbháil íad ar son Chríosd.

8. Agus fós go deimhin, measuim gur dioghbháil na huile neithe, ar son éolais ro oirdheirc Iósa Críosd mo Thighearna: agar léig mé dhíom na huile neithe ar a shon, agus measuim nach bhfuil ionnta achd aóileach, ionnus go ngnodhachuinn Críosd,

9. Agus go bhfuighthí annsan mé, gan bheith dom fhiréunntachd féin, thig ón reachd agám, achd a nfhiréuntachd thig tré chréideamh Chriosd, an fhíréuntachd atá ó Dhía tré chreideamh:

10. Ionnus go mbíadh aithne agum airsion, agus ar chúmhachd a eiséirghe, agus ar chumann a pheannuidhe, ar mbeith dhamh dom chur a gcosamhlachd chrotha ré na bhás;

11. Dá fhéuchain an dtiucfadh dhíom ar éunchor rochdain go heiséirghe na marbh.

12. Ní hé go ráinic mé cheana, nó go bhfuilim fos ar dteachd chum críche: achd atáim ag rioth, dféuchain an dtiucfadh dhíom fós breith uirrthe do bhrígh go rugadh oram cheana ré Iósa Críosd.

13. A dhearbhráithre, ní mheasuim gur rug mé fós uirrthe: achd do ním éinní amháín, ar mbeith dhamh ag dearmad na neitheann atá arm o chúl, agus ag déunamh mo dhíthchill chum na neitheann atá romham,

14. Riothuim go díán chum an chomhartha do mhían luáídhéachda árdghárma Dé a Níosa Críosd.

15. Uíme sin, an mhéid dhínn atá diongmhalta, biodh a ninntinnse aguinn: achd má tá sibh ar atharrach inntinne, foillséochuidh Día a ní céudna dhíbh.

16. Gidheadh, siubhlam air ar nadhuigh sa ní chum a dtangamar, do réir áon ríaghla amháin, agus bímid déininntinn.

17. A dhearbhráithre, bíghidh ré chéile bhur luchd leanmhana agumsa, agus tabhruidh aire don druing shiúbhlas do réir na heasumplára do bheirmídne dhíbh.

18. Oír atáid mórán ag siúbhal, fár labhair mé ribh go mici, agus fá a bhfuilim ag gul a nois dá innisin díbh, gur naimhde íad do chroich Chríosd:

19. Agár ab damnughadh a gcríoch dheigheanach, agus agar ab é a Ndía a mbolg, agus agá dtéid an ghlóir a náire dhóibh, noch smuáineas ar neithibh talmhuidhe.

20. Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne; an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an Tslánaighthéora, an Tíghearna Iósa Críosd:

21. Noch chuirfeas an gcorp truáillighe a nátharrach crótha, chum a dhéunta cómhchosmhuil ré na chorp glórmhar féin, tres a noibriughadh lér féidir leis na huile neithe fós do chur faói féin.