5. A dhearbhráthair ghradhuigh, is deighchreideamheach do ní tú gach a ndéun tú do na dearbhráuthribh, agus do dhéoraidhibh;
6. Noch do rinne fíadhnuise dod ghrádh a láthair na heagluise: is maith do dhéunas tú, má bheir tú fá shlighe íad mar is fíu Día:
7. Oír is ar son a anmasan do chúadar amach, gan ní ar bith do ghlacadh dhóibh ó na Cinneadhachuibh.
8. Uime sin atá dfíachuibh oruinne a leithid sin do ghabháil chuguinn, ionnus go mbéimis ar gcómhluchd cabhartha do fhírinne.
9. Do sgríobh mé chum na heagluise: achd Diotréphes, rér mían áirdcheannas do bheith aige ós a gcionn, ní ghabhann sé chuige sinn.