Caibidlí

  1. 1

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

3 Eóin 1 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Gaius na scáthan ar an aoldheachd. 9 Agus Diotrephes na sbeuclar ar na doctuiribh ailghiosach, ardcheannach.

1. An, seanóir chum Gáiuis ghrádhuigh, dá bhfuil mó ghrádh go fírinneach.

2. A dhearbhráthair grádhuigh, do bfearr leam ar tús go bhfaghthá séun agus sláinte, amhuil atá séun ar thanam.

3. Oír do ghabh gáirdeachas mór mé, an tan thangadar na dearbhráithre agus do rinneadar fíadhnuise don fhírinne atá ionnadsa, do réir mar shiúbhlas tú sa bhfírinne.

4. Ní bhfuil gáirdeachas agum as mó ná so eadhon go gcluinim go bhfuilid mo chlann, ag suibhal sa bhfírinne.

5. A dhearbhráthair ghradhuigh, is deighchreideamheach do ní tú gach a ndéun tú do na dearbhráuthribh, agus do dhéoraidhibh;

6. Noch do rinne fíadhnuise dod ghrádh a láthair na heagluise: is maith do dhéunas tú, má bheir tú fá shlighe íad mar is fíu Día:

7. Oír is ar son a anmasan do chúadar amach, gan ní ar bith do ghlacadh dhóibh ó na Cinneadhachuibh.

8. Uime sin atá dfíachuibh oruinne a leithid sin do ghabháil chuguinn, ionnus go mbéimis ar gcómhluchd cabhartha do fhírinne.

9. Do sgríobh mé chum na heagluise: achd Diotréphes, rér mían áirdcheannas do bheith aige ós a gcionn, ní ghabhann sé chuige sinn.

10. Ar a nadhbharsa, más teachd dhamh, cuirfead a gcéill a ghníomhartha do ní sé, ag cur challóide orruinn ré bríathruibh urchóideacha: agus ní lór leis sin, achd ní ghabhann sé féin na dearbhráithre chuige, agus cuiridh toirmeasg ar an druing lér mhían, agus cuirídh sé amach as a neagluis íad.

11. A dhearbhráthair ghrádhuigh, na lean don nolc, achd don mhaith. An tí do ní an mhaith is ó Dhía atá sé: achd an tí do ní an tolc ni fhacuidh sé Día.

12. Atá deaghtheisd ar Demétrius ag na dearbhráithribh uile, agus ag an bhfírinne féin: agus do níomuidhne fós, fíadhnuise ris; agus atá a fhíos aguibhse gur fírinneach an fhíadhnuise do níomuid.

13. Do bhí mórán agum ré a sgríobhadh, achd ní hail leam a sgríobhadh chugad ré dúbh agus ré peann:

14. Oír atá súil agum ré thus dfaicsin go haithghearr, agus laibheóram béul ar bhéul. Síothcháin maille riot. Cuirid na cáirde a mbeannachd chugad. Beir beannachd chum na gcarad tré na nainm.