Sean-Tiomna

Tiomna Nua

3 Eóin 1:11-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. A dhearbhráthair ghrádhuigh, na lean don nolc, achd don mhaith. An tí do ní an mhaith is ó Dhía atá sé: achd an tí do ní an tolc ni fhacuidh sé Día.

12. Atá deaghtheisd ar Demétrius ag na dearbhráithribh uile, agus ag an bhfírinne féin: agus do níomuidhne fós, fíadhnuise ris; agus atá a fhíos aguibhse gur fírinneach an fhíadhnuise do níomuid.

13. Do bhí mórán agum ré a sgríobhadh, achd ní hail leam a sgríobhadh chugad ré dúbh agus ré peann:

14. Oír atá súil agum ré thus dfaicsin go haithghearr, agus laibheóram béul ar bhéul. Síothcháin maille riot. Cuirid na cáirde a mbeannachd chugad. Beir beannachd chum na gcarad tré na nainm.

Léigh chaibidil críochnaithe 3 Eóin 1