Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ttessalonicanach 3:10-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Oír fós an tan bhámar eadruibh, do áithneamar só dhíbh, eadhon má atá aóinneach ris nách áill obair do dhéunamh, ná hítheadh bíadh mar an gcéudna.

11. Oír do chluinmíd go bhfuilid daóine áirighe ag siúbhal eadruibh go míriaghalta, nach déun obair ar bíth, achd sháitheas íad féin a neithibh nach beanann ríu.

12. Do bheirmíd fógrá dhá samhuil sin agus íarrmuid orrtha tré ar Dtíghearna Iósa Chríosd, a narán féin díthe dhóibh, ag sáothrughadh maille ré súaimhneas.

13. Agus ná bighidhse, a dhearbhráithre, tuirseach do dhéunamh maitheasa.

14. Agus má atá duine ar bith nach dtabhair úmhlachd dár mbréithirne sa neipisdilse, cuiridh cómhartha air, agus seachnuidh a chomhlúadar, ionnus go mbíadh adhnáire air.

15. Thairis sin ná bíodh mead námhad aguibh air achd teaguisgidh é mar dheabhráthair.

16. Agus do dtuguidh Tíghearna na síothchána féin síothcháin dhíbh do shíor ar gach éunchor. An Tíghearna maille ribh uile.

17. Beatha agus sláinte chuguibh re mo láímhse Pol, noch as cómhartha ann gach éin eipisdil: is mar do sgríobhuim.

18. Grása ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ribh uile. Amén.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ttessalonicanach 3