Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ttessalonicanach 3 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil III

Beatha; 7 mhíriaghaltach, 10 díomhaóin, 14 agus droch cómhlúadar, do sheachna.

1. Tuilleadh eile, a dhearbhráithre, guidhidh air arsuinne, ionnus go mbíadh cumus réatha ag bréithir an Tíghearna, agus go ndéuntaói glórmhar é, do reir mar atá aguibhse:

2. Agus chum sinne sháoradh ó dhrochdháoinibh gan fharas: oír ní ag gach éinneach atá creideamh.

3. Gidheadh atá an Tíghearna díleas, noch dhaingnéochas, agus chóimhéudfus sibh ó olc.

4. Agus atá muinighin aguinn sa Dtíghearna bhur dtáobhsa, go udéunann agus go ndéunfá sibh na neithe áithnighmid díbh.

5. Agus go dtréoruidhe an Tíghearna bhur gcroidhthe sá tslíghe dhírigh chum grádha Dé, agus chum feitheamh go foighideach ré Críosd.

6. Agus do bheirmíd fógra dhíbh, a dhearbhráithre, a nainm ar Dtíghearna Iósa Críosd, sibh féin do dhealughadh ré gach dearbhráthair shiubhlus go miríaghalta, agus ni réir an teaguisg fuáir sé uáinne.

7. Oír atá a fhios aguibh féin cionnas as coir sinne leanmhuin: óir níor iomchramar sinn féin go míríaghalta eadruibhse;

8. Agus ní a naisgidh do itheamar atán ó aóin neach; achd maille ré sáothar agus ré hanshógh ag déunamh oibré do ló agus doídhche, deagla ar dtruime do leigean ar áon neach aguibhse.

9. Ní hé nach bhfuil úghdarrás aguinn, achd ionnus go ndéunamaóis eisiompláir dhinn féin díbhse chum sinne leanmhuin.

10. Oír fós an tan bhámar eadruibh, do áithneamar só dhíbh, eadhon má atá aóinneach ris nách áill obair do dhéunamh, ná hítheadh bíadh mar an gcéudna.

11. Oír do chluinmíd go bhfuilid daóine áirighe ag siúbhal eadruibh go míriaghalta, nach déun obair ar bíth, achd sháitheas íad féin a neithibh nach beanann ríu.

12. Do bheirmíd fógrá dhá samhuil sin agus íarrmuid orrtha tré ar Dtíghearna Iósa Chríosd, a narán féin díthe dhóibh, ag sáothrughadh maille ré súaimhneas.

13. Agus ná bighidhse, a dhearbhráithre, tuirseach do dhéunamh maitheasa.

14. Agus má atá duine ar bith nach dtabhair úmhlachd dár mbréithirne sa neipisdilse, cuiridh cómhartha air, agus seachnuidh a chomhlúadar, ionnus go mbíadh adhnáire air.

15. Thairis sin ná bíodh mead námhad aguibh air achd teaguisgidh é mar dheabhráthair.

16. Agus do dtuguidh Tíghearna na síothchána féin síothcháin dhíbh do shíor ar gach éunchor. An Tíghearna maille ribh uile.

17. Beatha agus sláinte chuguibh re mo láímhse Pol, noch as cómhartha ann gach éin eipisdil: is mar do sgríobhuim.

18. Grása ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ribh uile. Amén.