Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Timóteuis 2:6-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. As eígean do treabhthach sáothar do dhéunamh suil do gheibh sé na tórtha.

7. Smuáin ar na neithibh a deirim; agus go dtuguidh ar Tíghearna tuigsi dhuit sna huile neithibh.

8. Cuímhnigh gur eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh, do shíol Daibhi do réir mo shoisgéilse:

9. Ar son a bhfuilim ag fúlang uilc, go géibheannuibh, mar fhear drochgníomha; gidheadh ní bhfuil bríathar Dé ceanguilte.

10. Uime sin iomchruim na huile neither ar son na druinge atá ar na dtogha, chuni an tslánaighthe atá a Niósa Críosd do ghnódhughadh dhóibhsion mar an gcéudna maille ré glóir sbíorruidhe.

11. As rádh fírinneach so: Oír más bás dúinn ná fhochair, búdh marthuinn dúinn mar an gcéudna na fhochair:

12. Má nimíd fúlang bíam a rioghachd mar an gcéudna maille ris: dá séunam é, séunfa seision sinne mar an gceudna:

13. Má nách ccreidmídne fanaidh seision díleas: ní féidir leis é féin do shéuna.

14. Cuir na neithesi a gcuimhne dhóibh agus aithin díobh a bhfíadhnuisi an Tíghearna gan bheith ag cíapáil a dtimchioll focal gan tairbhe air bith, achd búaidhreadh don druing éisdeas.

15. Déun díthchioll ar thú féin do tháisbéunadh ionmholta do Dhía, a tfior oibre nách rig a leas adhnaire do bheith aire, ag gearradh bhreithre na fírinne go cómhthrom.

16. Toirmisg ciapáil bhríathar neamhdhíagha gan éifeachd: óir tiucfuidh ar a naghuidh chum tuillidh neimhdhiaghachda.

17. Agus biáidh a mbríathar ag cnáoi mar chancar: agár díobh Himenéus agus Philétus;

18. Noch a dtáobh na fírinne do chuáidh ar seachrán ón gcómhartha, ag rádh go ndeachuidh a neiséirghe thoruinn cheana; agus sgriosas creideamh dhruinge áirighe.

19. Gidheadh fanuidh fonndameint dhaingean Dé ar bun, aga bhfuil an séulasa, eadhon Go bhfuil fios a mhuinntire féin ag an Dtíghearna. Agus, Gach áon ghoireas ar ainm Chríosd seachnadh sé a néugcóir.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Timóteuis 2