Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Timóteuis 2 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil II

Cúram, 6 foighide 22 geanmnuidheachd, 24 agus cceannsachd na minisdreadh.

1. Uime sin, a mhic, bíse láidir sa ngrás atá a Níosa Críosd.

2. Agus na neithe do chuáluidh tú uáimse a láthair mhoráin dfíaghnuibh, táobh na neithe céudna ré dáoinibh dísle, noch bhías foirtill ar dháoinibh eile do theagusg mar an gcéunda.

3. Uime sin fulaingse anshógh, mar shaighdíur maith Iósa Críosd.

4. Ní chreapluighear éinneach dá leanann an cogadh ré gnothuighthibh na beathasa; ionnus go ndéanadh toil an tí do thobh é na shaighdiúr.

5. Agus fós má ní áoinneach sbáirn fo mhaighisdreachdaibh, ní curthar coróin air, muna ndearna sé sbáirn go dlisdionach.

6. As eígean do treabhthach sáothar do dhéunamh suil do gheibh sé na tórtha.

7. Smuáin ar na neithibh a deirim; agus go dtuguidh ar Tíghearna tuigsi dhuit sna huile neithibh.

8. Cuímhnigh gur eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh, do shíol Daibhi do réir mo shoisgéilse:

9. Ar son a bhfuilim ag fúlang uilc, go géibheannuibh, mar fhear drochgníomha; gidheadh ní bhfuil bríathar Dé ceanguilte.

10. Uime sin iomchruim na huile neither ar son na druinge atá ar na dtogha, chuni an tslánaighthe atá a Niósa Críosd do ghnódhughadh dhóibhsion mar an gcéudna maille ré glóir sbíorruidhe.

11. As rádh fírinneach so: Oír más bás dúinn ná fhochair, búdh marthuinn dúinn mar an gcéudna na fhochair:

12. Má nimíd fúlang bíam a rioghachd mar an gcéudna maille ris: dá séunam é, séunfa seision sinne mar an gceudna:

13. Má nách ccreidmídne fanaidh seision díleas: ní féidir leis é féin do shéuna.

14. Cuir na neithesi a gcuimhne dhóibh agus aithin díobh a bhfíadhnuisi an Tíghearna gan bheith ag cíapáil a dtimchioll focal gan tairbhe air bith, achd búaidhreadh don druing éisdeas.

15. Déun díthchioll ar thú féin do tháisbéunadh ionmholta do Dhía, a tfior oibre nách rig a leas adhnaire do bheith aire, ag gearradh bhreithre na fírinne go cómhthrom.

16. Toirmisg ciapáil bhríathar neamhdhíagha gan éifeachd: óir tiucfuidh ar a naghuidh chum tuillidh neimhdhiaghachda.

17. Agus biáidh a mbríathar ag cnáoi mar chancar: agár díobh Himenéus agus Philétus;

18. Noch a dtáobh na fírinne do chuáidh ar seachrán ón gcómhartha, ag rádh go ndeachuidh a neiséirghe thoruinn cheana; agus sgriosas creideamh dhruinge áirighe.

19. Gidheadh fanuidh fonndameint dhaingean Dé ar bun, aga bhfuil an séulasa, eadhon Go bhfuil fios a mhuinntire féin ag an Dtíghearna. Agus, Gach áon ghoireas ar ainm Chríosd seachnadh sé a néugcóir.

20. Gídheadh a dtígh mór bíd, ní hé amháin soithighe óir agus airgid, achd fós soithighe croinn agus críadh; cuid díobh chum onóra, agus cuid eile chum neamhonóra.

21. Uime sin dá nglana neach ar bith é féin úatha so, biáidh sé na shoitheach chum onóra, ar na dhéunamh náomhtham oireamhnach don Tíghearna, ullamh chum gach uile dheaghoibre.

22. Seachuin mar an gcéudna ainmíana na hóige: agus lean dfíréuntachd, do chreideamh, do ghrádh, do shíothcháin, maille ris an druing ghoireas air an Dtíghearna ó chroidhe ghlan.

23. Agus seachain ceasda éigcéillidhe neamhfhoghlomtha, ar mbeith a fheasa agad go mbrósduighid síad ceannaruic.

24. Oír ní coir do shearbhfoghantuidhe an Tíghearna bheith ceannarraiceach; achd bheith ceannsa ris na huile dháoinibh, réidh chum teaguisg, ag iomchar ré drochdháonibh,

25. Ag teagusg na druinge bhíos conntrarrdha dhá inntinn maille ré ceannsachd; dféuchain an dtiubhradh Día aithrighe dhóibh uáir ar bith chum na fírinne dadmháil;

26. Agus teachd ar a nais, ó dhul an díabhail, agá bhfuilid gabhtha mar is áill leis féin.