Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Timóteuis 2:13-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Má nách ccreidmídne fanaidh seision díleas: ní féidir leis é féin do shéuna.

14. Cuir na neithesi a gcuimhne dhóibh agus aithin díobh a bhfíadhnuisi an Tíghearna gan bheith ag cíapáil a dtimchioll focal gan tairbhe air bith, achd búaidhreadh don druing éisdeas.

15. Déun díthchioll ar thú féin do tháisbéunadh ionmholta do Dhía, a tfior oibre nách rig a leas adhnaire do bheith aire, ag gearradh bhreithre na fírinne go cómhthrom.

16. Toirmisg ciapáil bhríathar neamhdhíagha gan éifeachd: óir tiucfuidh ar a naghuidh chum tuillidh neimhdhiaghachda.

17. Agus biáidh a mbríathar ag cnáoi mar chancar: agár díobh Himenéus agus Philétus;

18. Noch a dtáobh na fírinne do chuáidh ar seachrán ón gcómhartha, ag rádh go ndeachuidh a neiséirghe thoruinn cheana; agus sgriosas creideamh dhruinge áirighe.

19. Gidheadh fanuidh fonndameint dhaingean Dé ar bun, aga bhfuil an séulasa, eadhon Go bhfuil fios a mhuinntire féin ag an Dtíghearna. Agus, Gach áon ghoireas ar ainm Chríosd seachnadh sé a néugcóir.

20. Gídheadh a dtígh mór bíd, ní hé amháin soithighe óir agus airgid, achd fós soithighe croinn agus críadh; cuid díobh chum onóra, agus cuid eile chum neamhonóra.

21. Uime sin dá nglana neach ar bith é féin úatha so, biáidh sé na shoitheach chum onóra, ar na dhéunamh náomhtham oireamhnach don Tíghearna, ullamh chum gach uile dheaghoibre.

22. Seachuin mar an gcéudna ainmíana na hóige: agus lean dfíréuntachd, do chreideamh, do ghrádh, do shíothcháin, maille ris an druing ghoireas air an Dtíghearna ó chroidhe ghlan.

23. Agus seachain ceasda éigcéillidhe neamhfhoghlomtha, ar mbeith a fheasa agad go mbrósduighid síad ceannaruic.

24. Oír ní coir do shearbhfoghantuidhe an Tíghearna bheith ceannarraiceach; achd bheith ceannsa ris na huile dháoinibh, réidh chum teaguisg, ag iomchar ré drochdháonibh,

25. Ag teagusg na druinge bhíos conntrarrdha dhá inntinn maille ré ceannsachd; dféuchain an dtiubhradh Día aithrighe dhóibh uáir ar bith chum na fírinne dadmháil;

26. Agus teachd ar a nais, ó dhul an díabhail, agá bhfuilid gabhtha mar is áill leis féin.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Timóteuis 2