Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 8:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Tuilleadh eile, a dhearbhráithre, foillsigheamaóid grás Dé dháoibh noch tugadh deagluisibh na Macedónia;

2. Eadhon a ngáirdeachas líonmhar sa mbuaidhirt mhóir lér dearbhadh íad agus gur líon a mbochduine ro mhór chum saidhbhris a ndáonachd.

3. Oír (do ním dfíadhnuisi dhóibh,) do bhádar toilteanach do réir a nacfuinne, nó fós ós cionn a nacfuinne;

4. Dhá íarruidh go gér dathchuinghe oruinne an grása agus cómhruinn sa miniosdrálachd a dtimcheall na náomh, do ghabháil oruinn.

5. Agus ní do réir mar bhí dóigh aguinn, achd tugadar íad féin ar tús don Tighearna, agus na dhiáigh sin dúinne do thoil Dé.

6. Chum impidhe do chur ar Thítus duinn, do réir mar thionnsguin sé, go gcuirfeadh sé críoch eadruibhse fós air an ngrás céudna.

7. Uime sin, amhuil atá sibh iomlán sna huile neithibh, a gcreideamh, agus a mbréithir, agus a néolas, agus fa nuile dhúthrachd, agus a ngrádh dár dtaóibhne, gur mar sin bhías sibh iomlán sa ngrássa mar an gcéudna.

8. Ní tré cheannus oruibh a deirim so, achd do bhrígh dhúthrachd dhaóineadh eile, agus do dhearbhadh chínéil bhur ngrádhsa.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 8