Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 6:8-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Tré onóir agus easonóir, tré dhrochtheisd agus dheaghtheisd: mar mhealltóirigh, agus íad fírinneach;

9. Mar dhruing nach aitheantar, agus déghaitheanta; mar ag fagháil bháis, agus, féuch, atámuid béo; mar smachduighthe, agus gan a marbhadh;

10. Mar ag déunamh doilgheasa, achd do ghnáth ag déunamh gáirdeachais; mar bhochda, gidheadh do ní morán saidhbhir; mar dhaónibh gan ní air bith aca, gidheadh do shealbhuigheas na huile neithe.

11. O a Chorinthiánacha, atá ar mbéulne osguilte chuguibhse, atá ar gcroidhe ar na dhéunamh fairsing.

12. Ní bhfuiltí ionnuinne dá bhur gcongmháil a gcúmhgach, achd atá sibh cúmhang ann bhur ninnibh féin.

13. Achd dfághail an chúitigh chéudna, (labhruim amhuil rém chloinn,) bighidhse fairsing mar an gcéudna.

14. Ná hiomchruidh cuing mhiochomhthrom a bhfochair dhaóineadh gan chreideamh: oír créd é caidreabh na fíréuntachda ré neamhfhiréuntachd? nó créd é cumann an tsolais ris a ndorchadas?

15. No ciommus thig Críosd agus an diabhal ré chéile? nó créd í cuid an tí chreideas don tí nach ccreideann?

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 6