Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 6:12-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. Ní bhfuiltí ionnuinne dá bhur gcongmháil a gcúmhgach, achd atá sibh cúmhang ann bhur ninnibh féin.

13. Achd dfághail an chúitigh chéudna, (labhruim amhuil rém chloinn,) bighidhse fairsing mar an gcéudna.

14. Ná hiomchruidh cuing mhiochomhthrom a bhfochair dhaóineadh gan chreideamh: oír créd é caidreabh na fíréuntachda ré neamhfhiréuntachd? nó créd é cumann an tsolais ris a ndorchadas?

15. No ciommus thig Críosd agus an diabhal ré chéile? nó créd í cuid an tí chreideas don tí nach ccreideann?

16. Nó créd é an ceangal do bhíadh ag teampoll Dé agus ag iodhaluibh ré chéile? óir is sibhse teampoll Dé bhí; do réir mar a dubhairt Día, Biáidh mé um chómhnuidhe ionnta, agus siubhólad na measg; agus biáidh me um Dhía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa.

17. Uime sin taguidh amach as a lár, agus dealuighe ríu, a deir an Tighearna, agus ná bíodh buáin aguibh ré ní neamhghlan; agus géubhuidh misi chugam sibh,

18. Agus biáidh mé aguibh um Athair, agus biáidh sibhse bhar gcloinn mhac agus inghean agumsa, a deir Tighearna na Nuilechúmhachd.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 6