2. Oír atámuid ag ósnaigh ann so, ag íarruidh maille ré míanghus ar dtigh neamhdha féin do chur iomuinn:
3. Achd amháin go bhfaghthar éuduighthe sinn agus ní lomnochd.
4. Oír bímidne luchd na boithesi ag osnaighe, ar mbeith úaluidh oruinn: ar nach mían rinn bheith gan éudach, achd tuilleadh éuduigh do chur iomuinn, ionnus go sluigfidhe súas an ni sómharbhtha ré beatha.
5. Agus a sé Día do chrúthuigh sinn chuige so, agus fós tug dhúinn cómhartha daingnighthe na Sbiorúide.
6. Uime sin atámuid deighmheisnigh a gcomhnuidhe, agus a fhios aguinn, an feadh bhíam coigcríche sa gcoluinn, go bhfuilmíd a dtír choimhthighe ó an Dtighearna:
7. (Oír as do reír chreidimh shiúbhlamáoid, agus ní do réir radhairc:)
8. Gidheadh atá deighmheisneach aguinn, agus is mó thig ré ar ninntinn an cholann dfágbháil, agus dul do chómhnuidhe a bhfochair an Tighearna.
9. Uime sin fós cía bé aca bhiam ag fuireach, na ag imtheachd, is rofhonnmhar sinn air a thoilsean do dhéanamh.
10. Oír as eigean dúinn uile dul a lathair chaithíre bhreitheamhnuis Chríosd; ionnus go ngéubhadh gach éunduine chuige na neithe do rinne sé sa gcoluinn, do réir an ghníomha do rinne sé maith nó olc.