Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 5:1-5 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Oir atá a fhios aguinn dá sgaóiltear ó chéile ar dtigh talmhuidhe na boithesi, go bhfuil áitreabh aguinn ó Dhía, tigh nar tógbhadh ré lámhuibh, marthanach air neamh.

2. Oír atámuid ag ósnaigh ann so, ag íarruidh maille ré míanghus ar dtigh neamhdha féin do chur iomuinn:

3. Achd amháin go bhfaghthar éuduighthe sinn agus ní lomnochd.

4. Oír bímidne luchd na boithesi ag osnaighe, ar mbeith úaluidh oruinn: ar nach mían rinn bheith gan éudach, achd tuilleadh éuduigh do chur iomuinn, ionnus go sluigfidhe súas an ni sómharbhtha ré beatha.

5. Agus a sé Día do chrúthuigh sinn chuige so, agus fós tug dhúinn cómhartha daingnighthe na Sbiorúide.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 5