Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 4:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Ar a nadhbharsin ar mbeith don mhiniosdrálachdsa aguinn, do réir mar fúaramar trócaire, ní theighmid a nanbhfuinne;

2. Achd do thréigeamar na neithe folaightheach míomhacántuis, ní ag siubhal a cceilg, ná ag truáilleadh bhréithre Dé; achd maille ré foillsiughadh na fírinne do nímid sinn féin ionmholta do choinsias gach áon a bhfíadhnuisi Dé.

3. Uime sin má atá ar soisgéulne ar na fholach, is ar an druing théid amúgha atá sé ar na fholoch:

4. Agar dháll día an tsáoghailse a ninntinn noch atá ar dhíth creidimh, ionnus nach bíadh soillse shoisgéil ghlórmhair Chríosd, noch is íomháigh Dé, ag dealrughadh dhóibh.

5. Oír ní sinn féin do nímid do sheanmóir, achd Iósa Críosd an Tighearna; agus sinn féin do bheith dháoibhse ar searbhfhoghantuighibh ar son Iósa.

6. Oír a sé an Día, do aithin don tsolas soillsiughadh as an dorchadus, do dhealruidh ann ar gcroidhibhne, chum soillsi éolais ghlóire Dé do thabhairt uáinn a ngnúis Iósa Críosd.

7. Gidheadh atá an tionnmhus so aguinn a soithighibh críadh, chum oirdhearcuis an chúmhachd sin do bheith ó Dhía, agus ní uainn féin.

8. Bímid dar mbuáidhreadh ar gach táobh, ge nach ccurthar a gcúmhgach sinn; bímid a gconntabhairt, gé nach dtéid sin a néudóthchas;

9. Bí gérleanmhuin dá déunamh oruinn, gidheadh ní tréigthear sinn; teilgthear síos sinn, gidheadh ní théighmid amúgha;

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 4