Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 11:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Do bfearr leam go niomchradh sibh beagán rém leimhe: agus fos iomchruidh leam.

2. Oír atáim éudmhar ribh ré héud díadha: óir do ullmhuigh mé sibh déinfhear amháin, chum bhur dtabhartha mar óigh fhíorghloin do Chríosd.

3. Gidheadh atá eagla oram, mar do mheall naithir neimhe Eúbhá ré na mheabhaill, go dtruáillfidhe bhur ninntinnse mar an gcéudna ón tsimplidheachd noch atá a Gcríosd.

4. Oír dá dtigidh neach do sheanmórughadh Iósa eile, nach dearnamairne sheanmóir nó da nglacuidh sibh spiorad eile, nár ghlacabhair chuguibh, ná soisgeul eile, nar ghlacabhir, dob iondéunta dhíbh a fhúlang.

5. Oír saóilimse nach raibh bárr ag an gcuid dob áirde do na habsdaluibh oram.

6. Agus bíodh go bhfuilim túatamhuil a mbríathruibh, achd ní bhfuilim a néolas; achd do rinneadh follus sinn bhur measgsa thríd amach sna huile neithibh.

7. A né gur chionntuigh mé tré bheith dom íslíughadh féin chum sibhse dhádughadh, tré bheith dhamh ag soísgéulughadh shoisgéil Dé dhaóibhse a naisge?

8. Do shlad mé eagluiseacha eile, ag glacadh túarasduil úatha, chum seirbhíse do dhéunamh dhíbhsi.

9. Agus an tan do bhí mé bhur láthair, agus riachdanas oram, níor léig mé mo throm ar éunduine: óir do fóireadh a neasbhuidh do bhí oram ris na dearbhráithribh tháinic ó Mhacedónia: agus ar a nuile ghlés do choimhéudas mé féin ó mo throm do léigean oruibhsi, agus fós coimhéudfad.

10. Atá fírinne Chríosd ionnam, nách dúnfuighthear an maóithfeachussa am adhuigh a gcríochaibh na Hachaía.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ccorintiánach 11