Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Timóteuis 1:3-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Amhuil do chuir mé dimpidhe ort, cómhnuighe a Néphesus, ar ndul go Macedonia dhamh, ionnus go dtiúbhartha fógrá uáit do dhruing áirighe gan atharrach teaguisg do thabhairt úatha,

4. Ná aire do thabhairt do chumadóireachd sgéul ná do sheanchusuibh neimhchríochnuighthe, noch bhrosduigheas ceasdanna, ní sa mhó na follamnughadh díagha tre chreideamh:

5. Oír a sé as críoch don náithne grádh ó chróidhe glan, agus ó choinnsías mhaith, agus ó chreideamh neamhfhallsa:

6. Na neithe ó ndeachuidh dream áirighe ar seachran agus do fhilleadar chum díomháoinis cainte;

7. Bá mían ríu bheith na ndoctúiribh an dlighe; agus fós ní thuigid créd a deirid féin, ná na neithe dheimhnighid síad.

8. Gidheadh atá a fhios aguinne gur maith an dligheadh, dá leanuidh duine go dlisdeanach é;

9. Ar mbeith a fhios so aige, nach do dhuine cheart órduighthear an dligheadh, achd don druing ainglightheach easúmhal, do dháonibh neamhdhíagha agus do pheacthachuibh, do dháoínibh neamhnáomhtha agus neamhghlana, do luchd fionghuile do dhéunamh ar a naithreachuibh, agus a maithreachuibh, do luchd dúnmharbhtha,

10. Do sdríopthachuibh, so dháoinibh míonádúrtha, do ghaduighibh dáoineadh, do dháoinidh bréugacha, do luchd anéithigh, agus má tá ní ar bith eile contrárdha do theagusg fhalláin;

11. Do réir shoisgéil ghlórmhair Dé bheannuighthe, do fágbhadh táobh riumsa.

12. Ar a nadhbharsin beirim buidheachas ris an tí do neartuigh mé, Iósa Críosd ar Dtíghearna, do bhrígh gur mheas sé mo bheith díleas, dom chur sa miniosdralachd;

13. Ar mbeith dhamh roimhe um fhear labhartha blaisphéimeadh, agus um gherleanadóir agus um dhuine eugcórach: achd do rinneadh trócaire oram, ar a nadhbhar gur tré ainbhfios do rinne mé so ar dhíth creidimh.

14. Achd do mhéuduigh grása ar Dtíghearna go ro líonmhar ionnam maille ré creideamh agus ré grádh a Niósa Críosd.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Timóteuis 1