Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Timóteuis 1:15-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. As fírinneach an rádh, agus as fíu é ar gach éunchor gabháíl ris, go dtáinic Iósa Criosd ar an tsáoghal chum peacthach do shlánughadh; agá bhfuilimse um cheann orrtha.

16. Gidheadh as uime so do rinneadh trócaire oram, ionnus go dtaisbéunfadh Iósa Críosd ionnamsa ar tús a nuile fhoíghidh, chum go mbéínn um eisiompláir don druing chreidfeas annsan chum na beatha marrthannuigh.

17. Uime sin don Rí shíorruidhe, mharrthannach, dhofhaicsigh, don Día atá na áonar éagnuidhe, go raibh onóir agus glóir go sáoghal na sáoghal. Amén.

18. Fagbhuim a náithnese agad, a mhic Thimotéuis, do réir na bhfaidheadoieachda do rinneadh ort roimhe só, troid mhaith do dhéunamh dhuit thríotha;

19. Ar mbeith chreidimh, agus cogúis mhaith agad; noch ar na thréigean do dhruing áirighe do luingbhriseadar fan ccreideamh:

20. Agar ab díobh Himenéus agus Alecsandar; noch tug misi uáim do Shatán, ionnus ar mbeith dhóibh smachduithe go bhfoghlamaidís gan blaisphéime do labhairt.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Timóteuis 1