Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 15:8-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Agus na ndiáigh uile do chonnairc misi féin é, mar neach rugadh a nanam.

9. Oír as mé as lúgha do na habsdaluibh, agus ní fíu mé absdal do ghairm dhíom, do bhrígh go raibh mé ag gérleanmhuin Eagluisi Dé.

10. Achd tré ghrás Dé atáim mar atáim: agus ní raibh a ghrásasan do tiodhlaiceadh dhamh gan bhrígh; óir is mó an saothar do rinne mé ná iadsan uile: biodh nach misi fós, achd grás Dé maile riom.

11. Uime sin giodh bé dhínn misi nó íadsan, as amhluidh so do nímíd seanmóir, agus as amhluidh so do chréideabhairsi.

12. Agus má nithear Críosd a sheanmóir gur éiridh sé ó mharbhuibh, cionnus a deir cuid aguibhse nach bhfuil éiseirghe na marbh ann?

13. Oír muna bhfuil eiséirghe na marbh ann, níor éiridh Críosd fós:

14. Agus munar éiridh Críosd, go deimhin as diomhaóineach ar seanmoirne agus as diomhaóineach bhur gcreideamhsa mar an gcéudna.

15. Agus geibhthear sinne fós ar bhfínné bréige ar Dhía; óir do rinneamar fíadhnuisi do tháobh Dé gur dhúisigh sé Críosd ó mharbhuibh: an tí nár dhuisigh sé, muna neíseirghid na mairbh.

16. Oír muna néirghid na mairbh, níor éiridh Críosd féin fós:

17. Agus munar éiridh Críosd, as díomhaóin bhur gcreideamhsa; atá sibh fós ann bhur bpeacadhaibh.

18. Agus mar sin an mhéid do chodail a Gcríosd atáid ar ndul amúgha.

19. Más sa mbeathasa amháin atá dóthchas aguinn as Chríosd, as sinn is mó do dhíol truáighe do na huile dhaóinibh.

20. Achd a nois do eiséirghidh Chríosd ó mharbhuibh, do rinneadh céudthoradh ná druinge do bhí na gcodladh dhe.

21. Oír do bhrígh gur tré dhuine tháínic an bás, as tré dhuine mar an gcéudna thig eiseirghe na marbh.

22. Oír amhuil mar gheibhid na huile dhaóine bás a Nádhamh, as mar an gcéudna do dhéuntar íad uile daithbhéodhughadh a Gcríosd.

23. Gidheadh gach áon ann a ordughadh féin: Críosd an céud thoradh; na dhiáighsin an luchd bheanus ré Críosd agá theachd.

24. Ann sin bhías an chríoch dheigheanach, ar dtabhairt na rioghachda súas dó a láimh Dé, eadhon an Tathar; an tan chuireas sé ar gcúl gach uile úachdaránachd, agus gach uile chúmhachd agus gach uile neart.

25. Oír as éigean dó bheith na Rí, nó go gcuiridh sé a naimhde uile faói na chosaibh.

26. A sé an bás an námhuid dheigheanach sgriosdar.

27. Oír do chuir sé na huile neith faói na chosaibh. Gidheadh an tan a deir sé, gur cuireadh na huile neithe faói, as follus nach beanann an rádh so ris, an tí do chuir na huile neithe faói.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 15