Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 15:16-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Oír muna néirghid na mairbh, níor éiridh Críosd féin fós:

17. Agus munar éiridh Críosd, as díomhaóin bhur gcreideamhsa; atá sibh fós ann bhur bpeacadhaibh.

18. Agus mar sin an mhéid do chodail a Gcríosd atáid ar ndul amúgha.

19. Más sa mbeathasa amháin atá dóthchas aguinn as Chríosd, as sinn is mó do dhíol truáighe do na huile dhaóinibh.

20. Achd a nois do eiséirghidh Chríosd ó mharbhuibh, do rinneadh céudthoradh ná druinge do bhí na gcodladh dhe.

21. Oír do bhrígh gur tré dhuine tháínic an bás, as tré dhuine mar an gcéudna thig eiseirghe na marbh.

22. Oír amhuil mar gheibhid na huile dhaóine bás a Nádhamh, as mar an gcéudna do dhéuntar íad uile daithbhéodhughadh a Gcríosd.

23. Gidheadh gach áon ann a ordughadh féin: Críosd an céud thoradh; na dhiáighsin an luchd bheanus ré Críosd agá theachd.

24. Ann sin bhías an chríoch dheigheanach, ar dtabhairt na rioghachda súas dó a láimh Dé, eadhon an Tathar; an tan chuireas sé ar gcúl gach uile úachdaránachd, agus gach uile chúmhachd agus gach uile neart.

25. Oír as éigean dó bheith na Rí, nó go gcuiridh sé a naimhde uile faói na chosaibh.

26. A sé an bás an námhuid dheigheanach sgriosdar.

27. Oír do chuir sé na huile neith faói na chosaibh. Gidheadh an tan a deir sé, gur cuireadh na huile neithe faói, as follus nach beanann an rádh so ris, an tí do chuir na huile neithe faói.

28. Agus an tán chuirfidhear na huile neithe faói, biáidh an Mac féin ann sin faói an tí do chuir na huile neithe faói, chum Dé do bheith na uile sna huilibh.

29. Nó créud dhéunas an dream atá ar na mbaisdeadh air son na marbh, muna neirghid na mairbh air éunchor? créud fá mbaisdear íad air son na marbh?

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 15