1. Leanuidh an grádh, agus bíodh mían na neitheann sbioradálta oraibh, achd go madh mó go ndéanadh sibh fáidheadóireachd.
2. Oír an tí labhrus a dteanguidh choimhthighe ní ré dáoinibh labhrus sé, achd ré Día: oír ní thuigeann éanduine é; bíodh go labhrann sé ruindíamhradh san sbioruid.
3. Achd an tí do ní fáidheadóireachd as ré dáoinibh labhrus sé chum follamnuighthe, chum teaguisg, agus chum comhfhurtachda.
4. An tí labhrus a dteanguidh choimhthighe a sé féin fhollumnuigheas sé; achd an tí do ní faidheadóireachd follamnuighidh sé a neagluis.
5. Agus do bfearr leam go labhradh sibh uile ré teangthuibh, achd bá fonnmhaire leam ná sin sibh do dhéunamh fáidheadóireachda: óir is mó an tí do ní fáidheadoireachd ná an tí labhrus ré teangthuibh, achd muna ccuiridh sé a gcéill íad, chum follamnuighthe dfágháil don neagluis.
6. Agus a nois, a dhearbhráithreacha, dá dtigidh mé chugaibh ag labhairt ré teangthuibh, créud é an sochar do dhéunad díbh, muna labhra mé ribh a bhfoillsiughadh, nó a néolas, nó a bhfáidheadóireachd, nó a dteagusg?