Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 14:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Leanuidh an grádh, agus bíodh mían na neitheann sbioradálta oraibh, achd go madh mó go ndéanadh sibh fáidheadóireachd.

2. Oír an tí labhrus a dteanguidh choimhthighe ní ré dáoinibh labhrus sé, achd ré Día: oír ní thuigeann éanduine é; bíodh go labhrann sé ruindíamhradh san sbioruid.

3. Achd an tí do ní fáidheadóireachd as ré dáoinibh labhrus sé chum follamnuighthe, chum teaguisg, agus chum comhfhurtachda.

4. An tí labhrus a dteanguidh choimhthighe a sé féin fhollumnuigheas sé; achd an tí do ní faidheadóireachd follamnuighidh sé a neagluis.

5. Agus do bfearr leam go labhradh sibh uile ré teangthuibh, achd bá fonnmhaire leam ná sin sibh do dhéunamh fáidheadóireachda: óir is mó an tí do ní fáidheadoireachd ná an tí labhrus ré teangthuibh, achd muna ccuiridh sé a gcéill íad, chum follamnuighthe dfágháil don neagluis.

6. Agus a nois, a dhearbhráithreacha, dá dtigidh mé chugaibh ag labhairt ré teangthuibh, créud é an sochar do dhéunad díbh, muna labhra mé ribh a bhfoillsiughadh, nó a néolas, nó a bhfáidheadóireachd, nó a dteagusg?

7. Tuilleadh eile fós na neithe gan anam do ní fuáim, mas píob nó cláirseach, muna ndéarna síad eidirdhealughadh ann a ngothuibh, cionnus do géubhthar a fhios créud shinntear ar an bpíob nó ar an gcláirsigh?

8. Mar an gcéudna má bheir an trompa fuáim neimhchinnte úadh, cía uillmhéóchas é fein chum catha?

9. As amhluidh sin sibhse, muna labhartháoi bríathra sothuigsionacha tres an dteanguidh, cionnus aithéontar a ní labharthar; oir is fá a naiéur laibhéorus sibh.

10. Atáid, (do réir mar thárrla ann,) a noiread sin do ghnéithibh gothann sa domhan, agus ní bhfuil éunghuth dhíobh gan chéill.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 14