Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 12:6-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Agus atá oibriughadh éugsamhla ann, gidheadh a sé an táon Ndía oibrigheas na huile neithe sna huilibh.

7. Agus do gheibh gach áon foillsiughadh na Sbioraide chum tairbhe.

8. Oír do gheibh neach bríathar éagna trés an Sbioruid; agus neach eile bríathar eóluis trés an sbioruid chéudna;

9. Neach éile creideamh trés an Sbioruid chéudna; agus neach éile tabhartus leighis trés an Sbioruid chéudna;

10. Agus neach eile oibriughadh míorbhuileadh; agus neach eile faidheadóireachd; agus neach eile breathnúghadh sbiorad; agus neach eile morán do ghnéithibh teangthadh; agus neach eile míniughadh teangthadh:

11. Agus as áoin Sbiorad amháin oibrigheas na neithesi uile, ag roinn ré gach áon fó leith do réir mar as áill ris.

12. Oir amhuil mar as áon an corp, agus morán do bhallaibh aige, agus buill a néunchuirp uile, biodh gur ab iomdha íad, nach bhfuil ionnta achd éanchorp amháin: as mar an gcéudna atá Críosd.

13. Oír is tré aoin Sbioruid do baisdeadh sinn uile chum éunchoirp, más Iúduighe sinn nó Gréugaígh, más sáor nó daor sinn; agus tugadh deoch dhuinn uile ré a híbhe chum éin Sbioruide.

14. Oír ní héanbhall an corp, achd móran.

15. Dá nabradh an chos, Do bhrígh nách mé an lámh, ni don chorp mé; a né nach don chorp í ar a shon sin?

16. Agus dá nabradh an chlúas, Do bhrígh nách mé an tsúil, ní don chorp mé; a né nách don chorp í ar a shon sin?

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 12