Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 12:4-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Atáid tiodhlaice éugsamhla ann, achd ní bhfuil achd ein Sbiorad amháin.

5. Agus atáid miniosdrálachda éugsamhla ann, gidheadh ní bhfuil achd éin Tighearna amháin.

6. Agus atá oibriughadh éugsamhla ann, gidheadh a sé an táon Ndía oibrigheas na huile neithe sna huilibh.

7. Agus do gheibh gach áon foillsiughadh na Sbioraide chum tairbhe.

8. Oír do gheibh neach bríathar éagna trés an Sbioruid; agus neach eile bríathar eóluis trés an sbioruid chéudna;

9. Neach éile creideamh trés an Sbioruid chéudna; agus neach éile tabhartus leighis trés an Sbioruid chéudna;

10. Agus neach eile oibriughadh míorbhuileadh; agus neach eile faidheadóireachd; agus neach eile breathnúghadh sbiorad; agus neach eile morán do ghnéithibh teangthadh; agus neach eile míniughadh teangthadh:

11. Agus as áoin Sbiorad amháin oibrigheas na neithesi uile, ag roinn ré gach áon fó leith do réir mar as áill ris.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 12