Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 12:27-31 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

27. Agus as sibhse corp Chríosd, agus buill fó leith.

28. Agus do órduigh Día dream áirighe sa neagluis, ar tús absduil, na dhiáigh sin fáidhe, an treas uáir luchd teaguisg, a rís luchd míorbhuile do dhéunmah, na dhiáigh sin luchd leighis, luchd cobhartha, luchd ríaghalta, agus iomad do ghnéithibh teangthadh.

29. An bhfuilid uile na nabsdaluibh? an bhfuilid uile na bhfáidhibh? an bhfuilid uile na luchd teaguisg? an cúmhachdach íad uile ar mhíorbhuilibh do dhéunamh?

30. An bhfuilid tiodhlaice leighis aca uile? an labhruid uile ré teangthuibh? an ndéanuid uile eidirmhiniughadh?

31. Achd bíodh mían na súbhailceadh as fearr oraibh: agus foillseochaidh mé slighe dhíbh ré mbéura sibh bárr.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 12